Shíl ‘Mr Man na Gaeilge’ go raibh an aos óg ceansaithe nuair a cuireadh Anocht FM ar an saol dhá bhliain ó shin, ach shílfeá go bhfuil na piocóidí amuigh ag na raibiléirí óga arís agus iad ag lorg stáisiún nua Gaeilge uilig dóibh féin!
Bhuel, dháiríre ní hiad na raibiléirí óga atá i mbun agóidíochta, ach na raibiléirí meánaosta sin ó Chonradh na Gaeilge, thar cheann daoine óga. Tá siad tar éis seimineár a eagrú d’Oireachtas na Gaeilge ina bpléifear féidireachtaí stáisiún raidió...