Bhí seanfhear ar mo bhaile-sa blianta fada ó shin a shocraigh, ag aois trí scóir agus seacht mbliana, go bhfoglaimeodh sé chun gluaisteán a thiomáint agus gurbh é m’athair-se a mhúinfeadh é. Níorbh é aois an fhir an fhadhb ar chor ar bith, ach nach raibh ag an diabhal bocht ach leathchos agus amharc súile amháin. Ar a bharr sin uilig, is ar éigin go raibh sé in ann faic a chloisteáil.
Shuigh sé isteach sa gcarr, chuir lámh ar an stiúir agus cos ar an urlár agus bhreathnaigh sé ar m’athair a bhí ag cur allais ar nós ramhráin sa bhfásach.
‘Ná déan imní a...